Curriculum
Gaeilge
Gaeilge
Is í aidhm Roinn na Gaeilge caighdeáin arda acadúla a bhaint amach, mar a rianaitear i Ráiteas Mhisean an Choláiste. Ta sí mar aidhm chomh maith aird na ndaltaí a dhíriú ar a gcultúr agus ar a n-oidhreacht.
Foireann/ Staff
Áine Uí Chuinn, Mr. J. Broderick, Máiréad Uí Shlatara, Edel Níbhriain, Pádraig Ó Ruagáin.
Curaclam/ Curriculum
Leanann Roinn na Gaeilge na siollabais atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is ábhar riachtanach í an Ghaeilge i gColáiste Belvedere. Déanann daltaí an Ghaeilge ag ardleibhéal agus ag gnáthleibhéal sa Teastas Sóisearach agus i scrúdú na hArdteistiméireachta. Déanann na daltaí clár Ghaeilge na hIdirbhliana. Leagtar béim ar leith ar labhairt na Gaeilge i ngach bliain ach go háirithe san Idirbhliain. Tugtar deis do na daltaí Fáinní Óir nó Airgid a thuilleamh san Idirbhliain.
Is féidir na siollabais a íoslódáil ó www.education.ie.
Duais Mhic Eochaidh
Bronntar Duais Mhic Eochaidh in ómós Shéamais Mhic Eochaidh, a fostaíodh i 1950 chun Gaeilge agus Matamaitic a mhúineadh i gColáiste Belvedere. Mhúin sé Gaeilge ar feadh ceithre mhí ach ba léir do phríomhoide an Choláiste gur múinteoir sár-chumasach matamaitice é Séamas agus cuireadh é ag múineadh an ábhair sin ar feadh breis is aon bhliain is tríocha. Bhí grá thar cuimse ag Séamas don Ghaeilge agus sular imigh sé ar phinsean sa bhliain 1982 shocraigh sé go mbronnfaí duais bhliantúil ar scoláire sa séú bliain a léirigh grá don Ghaeilge agus ardchumas san ábhar.
An Ghaeltacht:
Freastalaíonn lear mór daltaí ón scoil ar na coláistí samhraidh gach bliain.
Useful link:
- Irish Summer Colleges: www.concos.ie
Áiseanna Idirlín don Ghaeilge
Foclóirí
- Acmhainn Foclóirí, liostaí téarmaíochta agus téacsanna faoi cheird an aistriúcháin.
- Irish Dictionary online Gaeilge<>Béarla
- Focal.ie Gaeilge<>Béarla. Bunachar sonraí de théarmaí Gaeilge.
Irisí
- Beo Iris Mhíosúil le tacaíocht fhoclóra don bhfoghlaimeoir
Teilifís
- TG4 Craoladh beo agus podchraoltaí ón gcartlann
Raidió
- Raidió na Gaeltachta Craoladh beo agus podchraoltaí ón gcartlann.
Áiseanna eile
- Daltaí na Gaeilge Gramadach agus ceachtanna.
- Vicipéid Ciclipéid le hiontrálacha as Gaeilge.
- Logainmn.ie Bunachar logainmneacha na hÉireann
- www.gaeilge.ie: eolas anseo faoi go leor rudaí a bhaineann leis an nGaeilge agus le múineadh na Gaeilge
- www.imeall.blogspot.com: podchraoltaí i nGaeilge faoi ábhair éagsúla (Seachtain na Gaeilge san áireamh) is féidir a úsáid mar cheachtanna cluastuisceana sa rang.
- www.antoireachtas.ie: Brúigh an nasc ‘Fís agus Fuaim’ le féachaint ar agus le héisteacht le cuid de na hamhráin a canadh ag an Oireachtas i mbliana.
- www.edmodo.com
- www.enfo.ie: Eolas ar an gComhshaol (Póstaeir le fáil).
- www.quizlet.com
- www.scoilnet.com
- www.nuim.ie/language/vifax
- www.teachnet.ie
An Teastas Sóisearach
Siollabas na Gaeilge
Aidhmeanna
Deis ar chumas cuí sa Ghaeilge a dheimhniú do gach dalta. Féinmheas agus féinmhuinín na ndaltaí a chothú trí thuiscint ar a bhféiniúlacht agus ar a n-oidhreacht mar Éireannaigh.
Féinmhuinín chulturtha neamhspleách a chothú iontu. Tuiscint a chothú ar an teanga agus ar chultúr na Gaeilge agus dearcadh dearfach ina leith. Ár n-oidhreacht teanga a chaomhnú agus a thabhairt slán do na glúnta atá le teacht.
Gnáthchúrsa Tuiscint; Labhairt; Scríbhneoireacht; ( bheith in ann achoimre a dhéanamh de ghiota scriofa agus bheith in ann litir ghearr a scríobh)
Ardchúrsa Tuiscint : Píosaí iriseoireachta, litríocht nua-aimseartha.
Teanga labhartha: Comhrá no cur síos ar ghnáthchursaí an lae.
Scríbhneoireacht: Scéal a chumadh; cur síos a dhéanamh; eachtra a riomh; críoch oiriúnach a chur le scéal; tuairimí a nochtadh; comhrá struchtúrtha a scríobh; litir fhoirmeálta/ phearsanta a scríobh.
Topaicí; An Dalta Féin; Áit Chonaithe; An Scoil; Cairdeas; Ceol; Sport; Caitheamh Aimsire; An Ghaeilge; Na Meáin Chumarsáide; Saol na hOibre; Taisteal agus Teangacha; An Aimsir; Daoine ar Leith; Creideamh agus Eitic; Cultúr; Fadhbanna an Duine Óig: Topaicí eile a bheadh suim ag daltaí iontu
Ardteistiméireacht Gnáthleibhéal
Siollabas na hArdteistiméireachta Gaeilge Gnáthleibhéal
Aidhmeanna Ginearálta
Cumas éisteachta, labhartha, scríofa agus léite na ndaltaí a fhorbairt. Léargas a thabhairt do dhaltaí ar chultúr agus ar shaíocht ghaelach na hÉireann, trid an ceaol, stair litríocht agus ar aile.
Meon dearfach i leith na teanga a chothú. Féinmheas agus féinmhuinín na ndaltai a chothú tri thuiscint ar a n-oidhreacht chultúrtha.
Dearcadh dearfach a chothú iontu ar fhoghlaim teangacha. Tiatneamh agus spreagadh intleachtúil agus mothúchánach a sholathar do na daltai i gcomhthéacs na Gaeilge.
Topací: An Dalta Féin; Áit Chónaithe; An Scoil gaus Cursaí Oideachais;Cairdeas; ceol; Sport; Caitheamh Aimsire; An Ghaeilge; Na Meáin chumardáide; Saol na hOibre; taisteal agus Teangacha; An Aimsir; Daoine ar Leith; creideamh agus Eitic; Cultúr; Fadhbanna an Duine Óig; Tionsclaíocht; An Timpeallacht; Cúrsaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta; An Státchóras; Airgead; Faisean; Bia agus Sláinte; Laethanta Saoire; Ábhair eile a gcuireann an dalta spéis iontu.
Ardteistiméireacht Ardleibhéal
Siollabas na hArdteistiméireachta Gaeilge Ardleibhéal
Aidhmeanna Ginearálta
Deis a thabhairt do dhaltaí cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge. Cumas éisteachta, labhartha, léite, agus scríofa a fhorbairt.
Léargas a thabhairt do dhaltaí ar chultúr agus ar litríocht na Gaeilge. Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú.
Dearcadh dearfach a chothú ar fhoghlaim teangacha i gcoitinne. Féinmheas agus féinmhuinín na ndaltaí a chothú.
Taitneamh mar aon le spreagadh intleachtúil agus mothuchánach a sholáthar do na daltaí i gcomhtheacs na Gaeilge.
Topaicí: An Dalta Féin; An Scoil agus Cursaí Oideachais; Cairdeas; Ceol; Sport; Caitheamh Aimsire; An Ghaeilge; Na Meáin Chumarsáide; Saol na hOibre; Taisteal agus Teangacha; An Aimsir; Daoine ar Leith; Caidreamh agus Eitic; Cultúr; Fadhbanna an Duine Óig; Tionsclaiocht; An Timpeallacht; Cúrsaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta; An Státchóras; Airgead; Faisean; Bia agus Sláinte; Laethanta Saoire; An Tríu Domhan; An Litríocht; Ábhair eile a gcuireann an dalta spéis iontu.